B'áite liom féin 'bheith ar thaobh mhalaí shléibhe
Agus cailín gaelach a bheith 'mo chomhair
Bheinn a bréagadh is a' teannadh léithe
Agus dar liom féin, a rún, gur dheas ar ndóigh
Ag éirí domh féin ar maidin an lae ghil
Is mé gabhail fá'n choill chraobhaigh is mé seoladh bó
Tharlaigh domh an spéirbhean 'na suí ar an léana
Bhí a fallaing léithi, is í lán de ghnó
D'fhiafraigh mé díthe go ciúin is go ceillí
"An nglacfaidh tú pòg uaim, a stór mo chroí?"
D'oscail sí a béilín 'gus labhair sí Bearla
'S é dúirt sí, "Pray sir, and let me be"
Is nach maith an airí ar na buaibh bheith á santú
Agus bheinnse da seoladh amuigh sa lá
Im agus bainne is iad, ar theacht an tSamhraidh
Is mar gheall ar bhólacht a phóstar mná